LOCATION/TYPE

NEWS HOME

[ exact phrase in "" • results by date ]

[ Google-powered • results by relevance ]


Archive
RSS

Add NWW headlines to your site (click here)

Get weekly updates

WHAT TO DO
when your community is targeted

RSS

RSS feeds and more

Keep Wind Watch online and independent!

Donate via Stripe

Donate via Paypal

Selected Documents

All Documents

Research Links

Alerts

Press Releases

FAQs

Campaign Material

Photos & Graphics

Videos

Allied Groups

Wind Watch is a registered educational charity, founded in 2005.

News Watch Home

Suas le 30 tuirbín gaoithe beartaithe amach ó chósta Chonamara 

Credit:  Le Shane Ó Curraighín, Iriseoir Ilmheán, Dé Céadaoin, 15 Mfómh 2021, rte.ie/news/nuacht/ ~~

[Up to 30 wind turbines planned off coast of Connemara]

Cuirfidh comhlacht idirnáisiúnta tús le suirbhéanna mara amach ó chósta Chonamara i gceann cúpla seachtain mar chuid dá réamhullmhúchán féachaint leis an chéad fheirm ghaoithe eischósta san iarthar a fhorbairt.

Tá súil ag Green Investment Group go nginfidh “Togra na Sceirde” 400 meigeavata leictreachais – oiread fuinnimh a choinneodh soláthar le 295,000 teach. Forbairt luach €1 bhilliún atá i gceist.

Tá Carraigeacha na Sceirde suite seacht míle siar ó dheas ó Chuan Mhaínse in Iorras Aithneach agus tuigtear go bhfuil an comhlacht ag féachaint le 25-30 tuirbín gaoithe a chur i bhfarraige ansin.

“Tá súil againn aighneacht a chur isteach chuig an Bhord Pleanála i 2024,” a dúirt leasuachtarán an chomhlachta Séamus McCabe le 7LÁ ar TG4 aréir.

Tá Togra na Sceirde i measc seacht gcinn de thograí ar bhronn an Stát stádas ábhartha orthu anuraidh agus d’fhéadfadh go mbeadh sé ar cheann de na chéad tionscadail ghaoithe eischósta sa tír.

Is í aidhm an Rialtais 70% de leictreachas na tíre a ghiniúint ó fhoinsí in-athnuaite roimh 2030 agus go nginfidh tuirbíní i bhfarraige oiread fuinnimh a choinneodh leictreachas le 3.7 milliún teach.

Bunaíodh an comhlacht Fuinneamh Sceirde Teoranta sa bhliain 2001. Tugadh cead pleanála don chomhlacht feirm ghaoithe eischósta 100 meigeavata a thógáil ar Charraigeacha na Sceirde in 2009.

Ina dhiaidh sin, cheannaigh Green Investment Group an comhlacht atá cláraithe i gConamara ar shuim airgid nár foilsíodh.

“Tá muid chun an comhlacht a choimeád sa Ghaeltacht,” a dúirt Séamus McCabe.

Má cheadaítear Togra na Sceirde, cuirfear ciste suntasach infheistíochta ar fáil do ghrúpaí pobail i gConamara Theas i gcaitheamh cúig bliana déag.

Tá Údarás na Gaeltachta ag cur fáilte roimh an togra. Tuarann príomhfheidhmeannach an Údaráis Míchéal Ó hÉanaigh go ndéanfar tuilleadh infheistíochta sa tionscal ar an chósta thiar amach anseo.

“Is í an aidhm atá againn go mbainfidh na Gaeltachtaí uilig agus áiteanna ar nós Chalafort Ros an Mhíl leas iomlán as an tionscal nua,” a dúirt an tÉanach.

Tá staidéar féidearthachta á réiteach ag an Údarás féachaint le Calafort Ros an Mhíl a fhorbairt mar bhunionad seirbhíse agus lóistíochta don earnáil fuinnimh in-athnuaite.

Maíonn Coiste Tacaíochta Chalafort Ros an Mhíl go gcuideoidh Togra na Sceirde lena gcás calafort domhainmhara a thógáil sa cheantar, saoráid atáthar a lorg le fiche bliain.

“Ba cheart go mbeadh airgead sa bhuiséad an chéad mhí eile chun tosú ar an obair. Tá an cead pleanála ann. Tá cáipéisí réidh le dul chuig conraitheoirí,” a dúirt Cathal Gronnell ón choiste tacaíochta.

Costas €18.5 milliún atá luaite le calafort domhainmhara i Ros an Mhíl a chinnteodh doimhneacht uisce 12 méadar ag lagtrá cois na cé.

D’fhiafraigh 7LÁ de Green Investment Group an mbeadh calafort domhainmhara i Ros an Mhíl riachtanach nó ina bhuntáiste dóibh.

“Má tá rud mar sin i Ros an Mhíl [calafort domhainmhara], beidh muid á úsáid ach beidh muid ag déanamh meastóireacht ar gach láthair ar an chósta thiar [don chomhlacht],” a dúirt Séamus McCabe.

Tá taighde neamhspleách á lorg ag Séamus Breathnach, iascaire as Carna, faoin gcaoi a rachaidh Togra na Sceirde i bhfeidhm ar na meánnna.

“An mbeidh cead iascach áit a mbeidh muilte gaoithe seo ceapthaí a dhul agus cén tionchar a bheas ag na muilte gaoithe ar an stoc éisc agus sliogéisc atá isteach ó na Sceirde?

“Sin an áit a bhfuil báid na hAirde agus báid an Mhása ag iascach. Sin an áit a bhfuil sé leagthaí amach ag an gcomhlacht an fheirm ghaoithe a bheith ann,” a dúirt Séamus Breathnach.

Dúirt Green Investment Group go mbeidh siad ag obair i bpáirt le muintir na háite.

Tá iomrá ar fharraige chorrach na Sceirde … an mbeidh an ghaoth le Green Investment Group timpeall na gcarraigeacha céanna?

Source:  Le Shane Ó Curraighín, Iriseoir Ilmheán, Dé Céadaoin, 15 Mfómh 2021, rte.ie/news/nuacht/

This article is the work of the source indicated. Any opinions expressed in it are not necessarily those of National Wind Watch.

The copyright of this article resides with the author or publisher indicated. As part of its noncommercial educational effort to present the environmental, social, scientific, and economic issues of large-scale wind power development to a global audience seeking such information, National Wind Watch endeavors to observe “fair use” as provided for in section 107 of U.S. Copyright Law and similar “fair dealing” provisions of the copyright laws of other nations. Send requests to excerpt, general inquiries, and comments via e-mail.

Wind Watch relies entirely
on User Funding
   Donate via Stripe
(via Stripe)
Donate via Paypal
(via Paypal)

Share:

e-mail X FB LI M TG TS G Share


News Watch Home

Get the Facts
CONTACT DONATE PRIVACY ABOUT SEARCH
© National Wind Watch, Inc.
Use of copyrighted material adheres to Fair Use.
"Wind Watch" is a registered trademark.

 Follow:

Wind Watch on X Wind Watch on Facebook Wind Watch on Linked In

Wind Watch on Mastodon Wind Watch on Truth Social

Wind Watch on Gab Wind Watch on Bluesky